Na Rúin gach Máirt agus Déardaoin! Tús an spraoi ar an 13 Meán Fómhair!

An Féidir Leat Rún a Choinneáil?

Dráma 10 bpáirt is ea Na Rúin atá ar fáil ar líne AMHÁIN!

Nuair a théann CIARA, atá 16 bliana déag d’aois, ar iarraidh as An Teaghlach – teach dídine i Ros na Rún do dhéagóirí a bhfuil trioblóidí acu – tosaíonn an raic. Ní fada go gcuirtear a dúnmharú i leith an rap-cheoltóir óg, LORCÁN, cé go bhfuil sé féin á SHÉANADH sin go láidir! Cad a cheapann tusa a tharla di? LÉIGH na blaganna atá ag a comrádaí seomra, Rachel, agus ag Lorcán féin agus FÉACH ar na físdhialanna chun an rún a réiteach. ROINN an scéal le do chairde ar FACEBOOK.

Seolfar eipeasóid nua gach MÁIRT agus DÉARDAOIN ag 4 i.n ar leathanach baile www.naruin.ie, ag tosú ar an 13 Meán Fómhair!

NÁ BÍ AR AN DUINE DEIREANACH Á RÉITEACH!!

 


Scríbhneoirí agus aisteoirí óga a d’fhorbair Na Rúin le linn sraithe de CHEARDLANNA a ndearna Gréasán na Meán Skillnet maoiniú orthu. Caith súil ar shuíomh an ACADAIMH ag www.acadamhrosnarun.com chun a fháil amach cé mar a tháinig an dráma nua SPREAGÚIL seo chun cinn.

FAIGH TUILLEADH EOLAIS!